Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 21:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 A thigh Dháibhi, is marse a deir an TIGHEARNA; Déan breitheamhnus ar maidin, agus tárthuigh an té do milleadh amach as láimh an mhilltéora, deagla go rachadh mfearg amach amhuil teine, agus go loisgfeadh chor nach bhféadfadh áonduine a múchadh, do bhrígh uilc bhur ngníomh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 21:12
46 Tagairtí Cros  

Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.


Bhris mé giall an éagóraigh Agus sciob mé a chreach óna fhiacla.


Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc.


Lá arna mhárach shuigh Maois i mbun bhreithiúnas an phobail agus bhí an pobal ina seasamh ina thimpeall ó mhaidin go tráthnóna.


Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí.


Déanfar barrach den duine teann agus lasóg dá shaothar. Loiscfear iad i dteannta a chéile agus ní bheidh duine ann lena múchadh.


Ansin dúirt sé: “Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?


Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.


Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit; tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde óir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách, i dtír nach aithnid duit.”


Agus troidfidh mé féin in bhur n‑aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór.


Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;


Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”


Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.


Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.


Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua - Is mar seo a dhéanfar leo as ucht é sin a rá: déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal, agus an pobal seo ina bhrosna, le go loscfaidh an tine iad.


d'éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Ach má leasaíonn sibh bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile,


Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach; tháinig lasair feirge fíochmhaire ann; d'adhain sé tine i Síón, a loisc a bunsraitheanna.


Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


cuirfidh mé in bhur n‑aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí.


Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.


Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.


Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.


agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach -


mar is seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t‑olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh á iompar aige: is seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t‑olc.


Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí