Théadh an rí go Gibeón le híobairtí a dhéanamh ann, mar is ann a bhí an t‑ardionad a ba mhó tábhacht; d'ofráladh an rí míle íobairt dhóite ar an altóir sin.
Irimia 28:1 - An Bíobla Naofa 1981 An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla an bhliadhuin chéadna, a ttosach rioghachta Shedeciah rígh Iúdah, annsa cheathramhadh bliadhain, agus annsa chúigeadh mí, gur labhair Hananiah mac Asur an fáigh, noch do bhí do Ghibeon, riomsa a ttigh an TIGHEARNA, a lathair na sagairt agus an phobail uile, gha rádh, |
Théadh an rí go Gibeón le híobairtí a dhéanamh ann, mar is ann a bhí an t‑ardionad a ba mhó tábhacht; d'ofráladh an rí míle íobairt dhóite ar an altóir sin.
Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Hamútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.
Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.
Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.
“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.
Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: “Tugaigí bhur muiníl,” dúirt mé leis, “faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh.
Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.
Labhair Hanainiá ansin i bhfianaise an phobail uile: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Is mar seo a bhrisfidh mé i gcionn dhá bhliain, cuing Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus bainfidh mé í de mhuineál na gciníocha uile.’ ” D'imigh Irimia leis ag an bpointe sin.
Ansin thug Irimia fáidh freagra ar an bhfáidh Hanainiá i bhfianaise na sagart agus an phobail uile a bhí i dTeampall an Tiarna.
síos leis go pálás an rí agus isteach i seomra an rúnaí. Bhí na feidhmeannaigh uile ina suí ansin: Eilíseámá an runaí, Daláiá mac Sheamaiá, Ealnátán mac Acbór, Gamairiá mac Sheáfán, Zidicíá mac Hanainiá, agus na feidhmeannaigh eile go léir.
Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. “Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,” ar sé.
Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n‑aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’
Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh i dtaobh Éalám, i dtosach réim Zidicíá rí Iúdá.
Seo mar a d'ordaigh Irimia fáidh do Sharáiá mac Mhásaeiá nuair a d'imigh seisean don Bhablóin ar ordú Zidicíá rí Iúdá sa cheathrú bliain dá réimeas.
Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra.
Le teann mioscaise déanann siad sult don rí agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.
Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”