Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 27:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: “Tugaigí bhur muiníl,” dúirt mé leis, “faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 ¶ Do labhair mé fós ré Sedeciah rígh Iúdah do réir na mbríatharso uile, gha rádh, Tugaidh bhur muineil fa chuing rígh na Babilóine, agus oiridh dhó agus da mhuinntir, agus máiridh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 27:12
11 Tagairtí Cros  

An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma, beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”


Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit; tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde óir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách, i dtír nach aithnid duit.”


An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil.


Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá - a deir an Tiarna - go dtuga mé ina láimh é.


An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:


“Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Tá cuing rí na Bablóine briste agam.


Ansin dúirt Irimia le Zidicíá: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Má théann tú amach agus má ghéilleann tú d'oifigigh rí na Bablóine, tabharfaidh tú d'anam leat agus ní dhófar an chathair seo go talamh; mairfidh tú féin agus do chlann.


Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe - a deir an Tiarna - óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí