Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 24:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Hamútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Do bhí Sedeciah blíadhuin agus fithche daóis a nuáir do thosuigh sé a ríghe, agus do rioghaidh éainbhlíadhuin déug ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Hamutal inghean Ieremiah ó Libnah.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 24:18
8 Tagairtí Cros  

Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Hamaútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.


Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.


An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá:


I dtosach réim Zidicíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo go Irimia ón Tiarna.


An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:


Rinneadh rí de Zidicíá mac Iahóiácaím i ndiaidh Choiniá mac Ióisíá; rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine, rí de i dtír Iúdá.


Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh i dtaobh Éalám, i dtosach réim Zidicíá rí Iúdá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí