Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.
Irimia 17:7 - An Bíobla Naofa 1981 Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna agus arb é an Tiarna a dhóchas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is beannuighthe an duine dhóthchusuighios annsa TIGHEARNA, agus gur bé an TIGHEARNA a mhuinighinn. |
Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.
Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,
Bíonn dóchas droinge i gcarbaid agus dóchas droinge eile in eachra; cuirimidne, áfach, ár ndóchas in ainm an Tiarna, ár nDia.
Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.
Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia a bhronnann orainn grásta agus glóir. Ní eitíonn sé maitheas ar bith ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.
Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar; is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d'anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa - an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.
a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóire Dé.