Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Zafainiá 3:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Fúigfidh mé fós ann do lársa daóine buáidheartha agus bochta, agus cuirfidh a ndóigh a nainm an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 3:12
24 Tagairtí Cros  

Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d'fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas.


Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt; sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh de bhrí gurb ann atá a ndóchas.


Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.


Cén freagra a thabharfar ansin do theachtairí an chine sin? An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit, agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.


Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,


Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.


agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”


Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna agus arb é an Tiarna a dhóchas.


Sna laethanta sin agus san am sin, lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann, agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil. Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé.


“Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.


Agus beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún mar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarna nó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas. Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear; ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.


Is maith é an Tiarna; dún daingean is ea é lá na buartha.


Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.


Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.


tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.


Beidh muinín ag na ciníocha as a ainm.”


“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.


Agus arís, deir Íseáia: “Eascróidh fréamh de chuid Ieise, an té a éireoidh chun na náisiún a rialú. As siúd a bheidh a muinín acu.”


Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?


a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí