Salm 20 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí ar son an Rí 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Go n‑éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh: go gcumhdaí ainm Dia Iacóib thú! 3 Go gcuire sé cúnamh chugat ón sanctóir agus go dtuga sé taca duit as Síón. 4 Go mba cuimhin leis d'ofrálacha go léir: go mba taitneamhach leis d'íobairtí uileloiscthe. 5 Go dtuga sé mianta do chroí duit, go gcomhlíona sé do bhearta go léir. 6 Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua, agus gairdeas in ainm ár nDé. Go ndeonaí an Tiarna d'achainíocha go léir duit. 7 Is deimhin liom anois go bhfuil an bua tugtha ag an Tiarna dá ungthach; go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe. 8 Bíonn dóchas droinge i gcarbaid agus dóchas droinge eile in eachra; cuirimidne, áfach, ár ndóchas in ainm an Tiarna, ár nDia. 9 Treascrófar iad siúd agus titfidh siad; seasfaimidne an fód go daingean. 10 Tabhair an bua don rí, a Thiarna, agus éist linn nuair a ghlaoimid ort. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart