Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 7:9 - An Bíobla Naofa 1981

Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír cluinfid na Cánanítigh agus dúthchusuigh na tíre é, agus tiocfuid ar tímchioll fa gcuairt, agus gearrfuid ar nainm amach don talamh: agus cred dhéanas tusa red ainm mór?

Féach an chaibidil



Iósua 7:9
19 Tagairtí Cros  

Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne, ach do d'ainmse is dleacht an moladh as ucht do bhuanghrá agus d'fhírinne.


Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia, i gceartlár do theampaill.


A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh; cuidigh linn ar mhaithe le glóir d'ainm féin. Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d'ainm.


Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail; chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.


Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal; go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”


Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: ‘I bhfeall a rug sé amach iad, d'fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne’? Scaoil uait d'fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal.


Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.


Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”


Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.


D'fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: “Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc.


Athair, tabhair glóir do d'ainm!” Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”


i dtreo nach mbeadh sé á rá sa tír ónar thug tú sinn: “Toisc nárbh fhéidir don Tiarna iad a thabhairt isteach sa tír a gheall sé dóibh, agus toisc go raibh an ghráin aige orthu a thug sé amach iad, le hiad a chur chun báis san fhásach.”


D'fhreagair an Tiarna Iósua: “Bí i do sheasamh! Cad ab áil leat a bheith caite mar sin ar do bhéal agus ar d'fhiacla?


Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde?


Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.