Salm 79 - An Bíobla Naofa 1981An Sanctóir Scriosta 1 Salm Ásáf. 1 Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa; scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di. 2 Thugadar mar an gcéanna corpáin do sheirbhíseach chun bheith ina mbia ag éanlaith an aeir agus feoil do chuid naomh d'ainmhithe allta na tíre. 3 Dhoirt siad a gcuid fola amhail uisce mórthimpeall Iarúsailéim; agus ní raibh duine le fáil a chuirfeadh san uaigh iad. 4 Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana; is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall. 5 Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine? 6 Lig amach do racht ar na ciníocha; ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar d'ainm. 7 Óir is amhlaidh a d'alp siad Iacób; agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh. 8 Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear; go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite. 9 A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh; cuidigh linn ar mhaithe le glóir d'ainm féin. Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d'ainm. 10 Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?” Gura follas do na ciníocha os comhair ár súl go mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh. 11 Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach; agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis. 12 Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana; an aithis urghránna a chas siad leatsa. 13 Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce, tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe; agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart