Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 2:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Guiledís na sagairt, seirbhisigh an TIGHEARNA, eidir an bpóirse agus a naltoir, agus abraidís, Coigil do phobal, a THIGHEARNA, agus ná tabhair hoighreacht chum masla, iondus go riaghlochaidís na geinte ós a ccionn: cred as a naibeoraidís a measc an phobail, Cait a bhfuil a Ndia?

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 2:17
42 Tagairtí Cros  

Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill.


ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.


ansin déanfaidh mé [Iosrael] a stoitheadh as an talamh a thug mé dóibh, agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus déanfaidh mé seanfhocal agus nath de i measc na gciníocha go léir.


Ansin d'ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe don Tiarna ar an altóir a thóg sé don Tiarna os comhair an phóirse,


Seo sinn inár ndaoir inniu Anseo sa tír a thug tú dár sinsir, Le sásamh a bhaint as a thorthaí agus as a nithe fónta; Daoir sinn!


Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”


Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?


Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”


Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.


Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d'oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”


Cá fhad a bheidh an t‑eascara go tarcaisneach, a Dhia; an dtabharfaidh an namhaid masla do d'ainm go brách?


Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?” Gura follas do na ciníocha os comhair ár súl go mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.


Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana; is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.


Leag tú a mhúrtha go léir; agus d'fhág tú a dhún ina fhothrach.


Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh; agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha -


agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”


Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.


Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”


Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.


Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.


Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide.


Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.


Ní dhéantar ofráil arbhair ná íobairt dí níos mó i dteach an Tiarna. Caoinigí, a shagarta, a lucht friotháilte an Tiarna!


Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise: “A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?”


Dúirt mise ansin: “Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?”


Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.


Is ea, mhuise, iarraigí fabhar ar Dhia anois i dtreo go ndéanfaidh sé trócaire orainn! Ach - más sibhse a rinne an rud seo - an bhfáilteoidh sé romhaibh go caoin? a deir Tiarna na Slua.


Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála.


chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.


As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”


Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.


mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad, le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach, le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart! Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”


Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí