Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Uimesin níor fhéadadar clann Israel seasamh as coinne a námhad, achd do iompoigheadar a ccul roimhe a naimhde, do chionn go rabhadar malluigh: agus ni bhía misi maille libh feasda, muna scriostáoi an malluighthe ó bheith bhur measc.

Féach an chaibidil



Iósua 7:12
21 Tagairtí Cros  

Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.


is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg, agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”


Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.


Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagán idir sibh agus bhur nDia. Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdach ionas nach gcloiseann sé sibh.


“Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’


Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n‑iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.


Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!


Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin?


D'inis Maois na focail seo do chlann Iosrael go léir agus ba mhór í a lógóireacht.


Ná gabhaigí suas mar níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht, agus ná scriosadh bhur naimhde sibh.


Sin é an tAmailéiceach agus an Canánach os bhur gcoinne agus titfidh sibh de rinn a gclaímh mar gur thug sibh droim le lorg an Tiarna agus níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht.”


Ansin an tAmailéiceach agus an Canánach a bhí ag cur fúthu sna hardáin sin, thángadar anuas agus bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu síos amach go Hormá.


Ná tabhair aon ní gráiniúil isteach i do theach, nó tiocfaidh tú féin leis faoin mbang a dhála sin; bíodh fuath agus gráin agat dá leithéid óir tá sé faoi bhang.


Seachnaígí sibh féin ar na nithe tíolactha faoin mbang agus ná beirigí libh aon ní atá faoin mbang; d'fhágfadh sin campa uile Iosrael faoin mbang céanna agus thabharfadh sé buaireamh sa mhullach air.


Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.


bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.


Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.


Ansin dúirt Sól: “Tagaigí anseo, a cheannairí uile an phobail; agus déanaigí a scrúdú agus a iniúchadh conas a tharla an peaca seo inniu.