Salm 60 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí tar éis an Chatha 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim. 2 Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn - 12,000 (fear). 2 Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn - 12,000 (fear). 3 Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís. 4 Chroith tú an talamh agus scoilt tú é. Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith. 5 Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain, thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn. 6 Thug tú comhartha don dream lenarb eagal tú ionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah 7 agus go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh. Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn. 8 Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé: “Roinnfidh mé Seicim go ríméadach agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas. 9 Is liom tír Ghileád, is liom Manaise; is é Eafráim clogad mo chinn, is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat; 10 is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg, agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.” 11 Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta? Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé? 12 Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia, ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite? 13 Tabhair cúnamh dúinn in éadan ar naimhde óir is díomhaoin é cúnamh ón duine. 14 Déanfaimid gaisce le cunamh ó Dhia óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart