Iósua 3:10 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iosua, Is leis so aitheantáoi go bhfuil an Día beó bhur measc, agus go tteilgfe sé amach gan fhaillighe na Cananítigh, agus na Hititigh, agus na Hibhitigh, agus na Perisitigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Iebusítigh. |
Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”
Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce is amhlaidh a shantaíonn m'anam thusa, a Dhia.
Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.
Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”
Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.
Agus seolfaidh mé aingeal romhat, agus tiomáinfidh mé amach na Canánaigh, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh.
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”
Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’
Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d'fhéadfadh fanacht beo?
“Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin,
Ná bíodh aon eagla ort rompu, óir tá an Tiarna do Dhia in bhur measc, agus is mór agus is uafar an Dia é.
Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo
go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.
sna hardáin agus na hísleáin; san Arabá agus ar na sleasa; san fhásach agus sa Neigib, i gcríocha na Hiteach, na nAmórach, na gCanánach, na bPirizeach, agus na Iabúsach:
Oiread agus gealltanas de na gealltanais fhónta go léir a thug an Tiarna do theaghlach Iosrael, níor theip; comhlíonadh gach ceann.
Ansin dúirt Píneachás mac Eileázár sagart le clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise: “Tá a fhios againn go dianmhaith anois go bhfuil an Tiarna inár measc, mar ní dhearna sibh an feall seo ar an Tiarna; tá clann Iosrael, más ea, fuascailte agaibh ó láimh an Tiarna.”
Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.
Agus dúirt Iósua le clann Iosrael: “Druidigí i leith agus éistigí le briathra an Tiarna bhur nDia.”
Na ríthe go léir ar an taobh seo den Iordáin agus ar na hísleáin, ar an bhfeorainn ar feadh na Farraige Móire i dtreo na Liobáine, na Hitigh, na Hamóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh - nuair a chualadar ina thaobh seo,
Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”
Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. D'fhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.”