Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 19:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do bféidir go ccluinfeadh do THIGHEARNA Día bríathra Rabsaceh uile, noch do chuir rígh na Hassíria a mháighistir daithiseadh an Dé bhí; agus go nimdheargfadh na bríathra noch do chúala do THIGHEARNA Día: uimesin tóg súas do ghuidhe ar son an nfuighill do fágbhadh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 19:4
34 Tagairtí Cros  

Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”


B'fhéidir go mbreathnódh an Tiarna ar [m'anró] agus an mhaith a chur i mo threo in éiric a mhallachta inniu.”


Sa cheathrú bliain déag de réimeas Hiziciá, tháinig Sanaichéiríb rí na hAsaíre agus d'ionsaigh sé cathracha daingne Iúdá agus ghabh sé iad.


Claon do chluas, a Thiarna, agus éist. Oscail do shúile, a Thiarna, agus feic. Éist le briathra Shanaichéiríb A chuir sé a mhaslú Dé bheo.


Cé dó ar thug tú masla agus tarcaisne? Cé hé ar ardaigh tú do ghlór ina aghaidh Agus ar fhéach tú suas air le huaill do shúl? Aon Naofa Iosrael!


Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí; dúirt tú: Le mo shluaite carbad ghabh mé suas ar bheanna na sléibhte, ar bheanna buaice na Liobáine. Ghearr mé anuas na céadair is airde ann, tógha a chufróg. Ghabh mé isteach ina ascaillí cúil agus i ndoimhne a fhoraoise.


Dúirt siad leis: “Mar seo a deir Hiziciá: ‘Lá anró an lá seo, lá pionóis agus aithise. Tá leanaí i mbéal a mbreithe, ach níl sé de neart ag a máithreacha iad a thabhairt ar an saol.


An t‑iarmhar a fhágfar de theaghlach Iúdá, cuirfidh sé fréamha úra amach thíos agus torthaí thuas.


Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéim agus fuíoll áir ó Chnoc Shíón. Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.’


Nuair a tháinig searbhóntaí an rí Hiziciá go Íseáia,


Sa chruachás sin dóibh, ghuigh an rí Hiziciá agus an fáidh Íseáia mac Ámóz agus ghlaoigh siad chun na bhflaitheas.


Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú.


Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach; tugann pobal gan chiall tarcaisne do d'ainm.


Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.


In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.


Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia.


Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.


Dúirt sé leo: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, chun ar chuir sibh mise a fhoilsiú bhur n‑achainí dó:


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad,


Is é an dála céanna é san am i láthair: tá fuíoll ann agus iad tofa trí ghrásta.


Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll,


(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.


Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.”


Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.


Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”


Lean an Filistíneach air: “Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.”


Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”


Ach d'fhreagair Dáiví an Filistíneach: “Tá tú ag teacht i m'aghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i d'aghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí