Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

2 Ríthe 19 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Tug Isaiah solás do Heseciah. 35 Do mharbh aingeal 185000 Assirianach.

1 Agus tárla, a nuáir do chúala Heseciah sin, gur bhris sé a éadach, agus gur fholuigh é féin lé saiceadach, agus do chuáidh go tigh an TIGHEARNA.

2 Agus do chuir sé Eliacim, do bhí ós cionn an teaghluigh, agus Sebna an scribhneóir, agus sinnsir na sagart, a cculadhuibh shaicéaduigh, go Hisaiah an fáigh mac Amos.

3 Agus a dubhradar ris, Is marso a deir Heseciah, Is lá buaidheartha an láso, agus míochlú, agus scannla: óir thangadar an chlann go ham a mbeartha, agus ní bhfuil do neart a mbreith.

4 Do bféidir go ccluinfeadh do THIGHEARNA Día bríathra Rabsaceh uile, noch do chuir rígh na Hassíria a mháighistir daithiseadh an Dé bhí; agus go nimdheargfadh na bríathra noch do chúala do THIGHEARNA Día: uimesin tóg súas do ghuidhe ar son an nfuighill do fágbhadh.

5 Marsin thangadar serbhísigh an rígh Heseciah go Hisaiah.

6 ¶ Agus dubhairt Isaiah riú, Abruidh marso ré bhur maighistir, Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná bíodh eagla ort roimhe na bríathruibh do chúala tú, ler scannluigheadar muinntir rígh na Hassiria misi.

7 Féuch, cuirfidh misi suinnéan airsion, agus cluinfidh sé giorac, agus fillfidh sé dhá dhuichthe féin; agus do bhéara mé air tuitim leis an ccloidheamh iona thír féin.

8 ¶ Agus do fhill Rabsaceh, agus fuáir sé rígh na Hassiria ag cogadh a naghaidh Libnah: óir do chúala sé gur imthigh sé as Lachis.

9 Agus a nuáir do chúala sé teachd thar Thirhacah rígh na Hetiópia, Féuch, atá sé ar tteachd a mach do throid ad aghaidh: do chuir sé teachda a rís go Heseciah, gha rádh,

10 Mar so déarthaoi re Heseciah rígh Iúdah, gha rádh, Ná mealladh do Dhía iona bhfuil do dhóthchus thú, dha rádh, Ní thiubharthar Ierusalem a láimh rígh na Hassíria.

11 Féuch, do chúala tú cred do rinneadar ríghthe na Hassíria ré gach uile chrích, da lérscrios: agus an sáorfuíghthear thusa?

12 Ar sháoradar dée na gcineadhach an luchd do chlaóidheadar maithresi; Gósan, agus Háran, agus Reseph, agus clann Eden noch do bhí ann Telasar?

13 Cáit a bhfuil rígh Hamat, agus rígh Arpad, agus rígh caithreach Sepharbhaim, Hena, agus Ibhah?

14 ¶ Agus do ghlac Hesecíah an litir as láimh na tteachda, agus do léigh í: agus do chúaidh Heseciah súas go tigh an TIGHEARNA, agus do leathnuigh sé í a lathair an TIGHEARNA.

15 Agus do ghuidh Heseciah a lathair an TIGHEARNA, agus a dubhairt, O a THIGHEARNA Día Israel, noch chomhnuighios eidir na cherubínibh, is tusa amháin Día, rioghachd an domhuin uile; is tú do rinne neamh agus talamh.

16 A THIGHEARNA, crom a núas do chlúas, agus cluin: foscuil, a THIGHEARNA, do shúile, agus féuch: agus cluin bríathra Shennacherib, noch do chuir sé daithiseadh an Dé bhí.

17 As fíor, a THIGHEARNA, gur dhíbreádar ríghthe na Hassíria na cineadhacha agus a ndúithche,

18 Agus gur theilgeadar a ndée annsa teine: óir nior dhée íad, achd obair lámh daóine, crainn agus clocha: uimesin do scriosadar íad.

19 A nois ar a nadhbharsin, O a THIGHEARNA ar Ndía, guidhim thú, sáorsa sinne as a láimh, chor go mbía a fhios ag uile rioghachduibh an domhuin gur tusa amháin, an TIGHEARNA Día.

20 ¶ Ann sin do chuir Isaiah mac Amos fios go Heseciah, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Do chúala mé an ghuidhe do rinne tú chugam a naghaidh Shennacheribh rígh na Hassíria.

21 Asé so an focal do labhair an TIGHEARNA dha tháobh; Do tharcuisnigh an mhaighdion inghean Shion thú, agus do gháir go magamhuil fúd; do chroith inghean Ierusalem a ceann ort.

22 Cía scannluigh tú agus do aithisigh tú? agus cía a nághaidh ar árduigh tú do ghuth, agus ar thóg tú súas do shúile go hárd? eadhon a naghaidh an Naóin Náomhtha Israel.

23 Led theachduibh do aithisigh tú an TIGHEARNA, agus a dubhairt tú, Le hiomad mo charbad tháinic mé a níos a mulluighibh na slíabh, go táobhuibh Lebanon, agus géarrfa mé síos a crainn árrachda Cédar, agus togha a crann gciumhuis: agus racha mé a steach go lóistínibh a imil, agus go foraóis a Charmel.

24 Do thochuil mé agus do ibh mé uisceadha coimhightheacha, agus le bonn mo chos do thiormuidh mé súas uile aibhne na náiteach ndaingean.

25 Nach ccúala tusa fada ó shin cionnus do rinne mé é? agus gur chum mé é ó na seanaimsearuibh? anois thug mé a gcrích é, chor go mbeitheása chum déanamh fásuigh do chaithreachaibh daingne na ccárnuibh fásamhla.

26 Ar a nádhbharsin do bhádar a náitreabhuigh beagchumhachdach, do ghabh critheagal agus do cláoidheadh íad; do bhádar már fhéur an mhachaire, agus mar an luibh ghlais, mar an bhféur ar mhullach tighe, agus mar arbhar mheathas suil fhásas sé súas.

27 Acht is fios dhamhsa hionad comhnuidhe, do dhul a mach, agus do theachd a steach, agus do bhuile am ághaidh.

28 Do bhrígh go bhfuil tú air buile am aghaidh agus gur éirghe do chuthach súas am chlúasuibh, ar a nadhbharsin cuirfe misi mo dhubháin ann do shróin, agus mo shrían ann do bhéul, agus fillfe mé ar hais thú annsa tslighe iona ttáinic tú.

29 Agus biáidh so na chomhartha agad, Iostaoi ar an mblíadhuinsi do na neithibh fhásas úatha féin, agus annsa dara blíadhuin do na neithibh fhásas asta sin; agus annsa treas bliadhuin, cuiridh síol, agus beanuidh, agus plannduighidh fineamhna, agus ithidh a ttoradh sin.

30 Agus an fuighioll rachus as do thigh Iúdah géabhuid fós fréamh síos, agus do bhéaruid toradh súas.

31 Oír rachaidh fuighioll amach as Ierusalem, agus an mhéid do chúaidh as ó shlíabh Sion: do dhéana teasghrádh THIGHEARNA na slógh so.

32 Ar a nadhbharsin is marso a deir an TIGHEARNA a ttaoibh rígh na Hassiria, Ní thiocfaidh se don chathruighsi, agus ní chaithfidh sé soighead ann, ní thiocfaidh sé na haghaidh le scéith, agus ní theilgfidh se an treinnse na haghaidh.

33 Annsa tslighe a ttáinic sé, annsa tslighe chéadna fhillfeas sé, agus ní thiocfaidh sé don chathruighsi, a deir an TIGHEARNA.

34 Oír cuimhdeochaidh misi an chathairsi, dhá dídean, ar mo shon féin, agus ar son mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi.

35 ¶ Agus tárla a noidhche sin feín, go ndeachuidh aingel an TIGHEARNA amach, agus gur bhúail sé a bhfoslungphort na Nassirianach céud agus ceithre fithchid agus cúig mhíle: agus a núair do éirgheadar go moch ar maidin, féuch, do bhádar uile na ccorpuibh marbha.

36 Marsin do ghlúais Sennacherib rígh na Hassíria, agus dimthigh agus dfill sé, agus do rinne comhnuigh á Ninebheh.

37 Agus tárla, mar do bhí sé ag adhradh a ttigh Nisroch a dhé, gur bhuáil Adrammelech agus Sareser a mhic leis an ccloidheamh é: agus do theitheadar féin go crích na Harménia. Agus do ríoghuidh Esarhaddon a mhac iona áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí