Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus a dubhairt Micaiah, Má thig tú ar éanchor a síothchain, níor labhair an TIGHEARNA thríomsa. Agus a dubhairt seision, Eistighe, a phobal, gach eile dhaoíbh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:28
15 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Éilias an ceannaire caogad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear.” Ansin tháinig tine ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.


D'fhreagair Éilias iad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear “Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.


Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)


a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.


Ach éist anois leis an bhfocal seo a déarfaidh mise i do chluasa agus i gcluasa an phobail uile.


Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:


Éistigí, a phobala uile; cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann. Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh nuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.


má fhaigheann na daoine seo bás de bhás coiteann, nó más í cinniúint gach duine a bhuaileann iad, ansin níor sheol an Tiarna mé.


“Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” D'éist an slua mór leis le háthas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí