Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 21:45 - An Bíobla Naofa 1981

45 Oiread agus gealltanas de na gealltanais fhónta go léir a thug an Tiarna do theaghlach Iosrael, níor theip; comhlíonadh gach ceann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Níor theasduigh éinní maith ar bith dar labhair an TIGHEARNA re tigh Israel; tháinig se uile a gcrích.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 21:45
13 Tagairtí Cros  

Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.


ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’


agus dúirt: “A Thiarna, Dia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas, ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus buanghrách le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do bhealaí le hiomlán a gcroí.


agus sheas sé agus chuir sé a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir in ard a ghutha á rá:


Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é; Rinne tú conradh leis Go dtabharfa dó tír an Chanánaigh, An Hivigh agus an Amóraigh, An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh, Dó féin agus dá shliocht. Chomhlíon tú do ghealltanas, Óir is cóir é thú.


Na rudaí a tharla, bhí siad foilsithe agam fadó, bhí siad imithe amach as mo bhéal agus fógraithe; leis sin rinne mé beart agus tháinig siad i gcrích.


Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?


Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.


Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin.


le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire


Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.


D'fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d'aon fhocal dá chuid titim ar lár.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí