Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 21:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 Thug an Tiarna síocháin dóibh ar gach teorainn faoi mar a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha; níor éirigh le hoiread agus namhaid dá gcuid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh, mar gur chuir an Tiarna a naimhde go léir faoina mbois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Agus thug an TIGHEARNA suáimhneas dóibh timchioll fa gcuáirt, do réir gach uile neithe dár mhionnuigh sé dá naithribh: agus níor sheas duine dá námhuid rompa: do sheachuid an TIGHEARNA a naimhde uile ann a láimh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 21:44
19 Tagairtí Cros  

Theith clann Iosrael roimh Iúdá agus thug Dia ar láimh dóibh iad.


Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.


D'fhreagair sé: “Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.”


gan tuisliú ach oiread le heallach ag druidim síos bun gleanna, agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis. Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintir chun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.


Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn.


“Nuair a théann tú amach chun cogaidh in aghaidh do namhad, agus go ndéanann do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit agus go ngabhann tú iad mar chimí,


Dá bhrí sin, tá suaimhneas sabóideach ag feitheamh le pobal Dé,


“Cuimhnigí ar ar ordaigh Maois óglach an Tiarna daoibh á rá: ‘Tá áit suaimhnis á sholáthar ag an Tiarna bhur nDia daoibh agus tabharfaidh sé an talamh seo daoibh.’


nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”


Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.


Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.


Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.


Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.


Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.”


Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.


D'imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D'fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d'fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois.


I bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí suaimhneas tugtha ag an Tiarna d'Iosrael ó chiapadh a naimhde go léir ina dtimpeall, agus Iósua féin ina sheanduine anonn go maith sna blianta,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí