Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.
Iób 8:15 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé. Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Léigfidh sé anonn é féin air a thigh, achd ni sheasfuidh sé ris: coinneocha sé go daingion é, gidheadh ni mhairidh sé dhó. |
Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.
Beidh náire mar bhrat ar lucht d'fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.
Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.
Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan, ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.
Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár; “Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.
Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”