Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 14:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Scriosfar teach an urchóidigh, ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Claóidhfighthear tigh an drochdhuine: acht blaithfigh áitreabh an ionnraic.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 14:11
21 Tagairtí Cros  

Óir níl an rath ar chuideachta na n‑urchóideach, Agus loscfar bothanna na breibe le tine.


B'áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa, Áitreabh duine nárbh eol dó Dia.


Óir deir sibh: “Cá bhfuil teach an fhlatha? Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?”


Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé. Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé.


Beidh náire mar bhrat ar lucht d'fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.


Má bhíonn tú íon ionraic, Ansin músclóidh sé ar do shon, Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.


Beidh do bhean chéile mar fhíniúin thorthúil, i gceartlár do thí. Beidh do chlann mar bhuinneáin crainn olóige, mórthimpeall do bhoird.


Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine Féach a ionad! ní ann dó feasta.


An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé; ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.


Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo; ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.


Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár, ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.


Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine, agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.


Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna, ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.


Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.


Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí