Iób 5:15 - An Bíobla Naofa 1981 Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht do ní dídean don bhocht air an ccloidheamh, ó na mbeul, agus ó láimh na ccumhachdach. |
I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise, Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.
Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh, Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.
[Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin; Bristear fiacla na gcoileán leoin.
Cailltear an seanleon d'uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.
Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé.
Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.
Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,
Ach tógann sé na boicht as a n‑ainnise, go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.
Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin lena shábháil ó lucht a dhaortha.
Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga; tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.
Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán: “Cé is cosúil leat, a Thiarna, an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear, an duine dealbh ón tíoránach?”
Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail; go saora sé clann na mbocht, agus go mbrú sé lucht daorsmachta.
Bhí an t‑ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia: