Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 5:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Teagmhuidh an dorchadas ríu a naimsir an laói, agus do níd sméarthachd san meadhon laé amhuil ann sa noidhche.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 5:14
13 Tagairtí Cros  

Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce.


Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.


Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.


Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.


Dorchaíodh do sholas agus dalladh thú, Agus tá an díle do do bhá.


Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin.


Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh, Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.”


Agus shín Maois amach a lámh i dtreo neimhe agus b'sheo dorchacht thiubh ar thalamh na hÉigipte go léir ar feadh trí lá.


Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.


Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla; mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil. Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas, tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh.


An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.


agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí