Smiotadh iad; rinne náisiún náisiún a threascairt, agus cathair cathair eile, mar rinne Dia iad a chiapadh le gach sort anó.
Iób 4:20 - An Bíobla Naofa 1981 Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atáid ar na scrios ó mhaidin go nóin: agus imthighid go bráth gan neach dá ccronughadh. |
Smiotadh iad; rinne náisiún náisiún a threascairt, agus cathair cathair eile, mar rinne Dia iad a chiapadh le gach sort anó.
Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D'imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.
Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.
Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis; Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é.
Óir tá blianta mo shaoil arna n‑áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.
Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?”
Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe; chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.
Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.