Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 14:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis; Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Búadhuigh tú go bráth na aghaidh, agus imthighidh seision: áthruighidh tú a chruth, agus cuiridh tú ar siubhal é.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 14:20
7 Tagairtí Cros  

Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.


Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe).


Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?”


Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,


Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil.


Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.


Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche; ní aithnítear iad sna sráídeanna; tá an craiceann craptha ar a gcnámha; tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí