Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: “Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?”
Iób 32:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine, Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht atá spiorad san duine: agus do bheir ánal a Nuilechumhachtuigh tuigse dhóibh. |
Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: “Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?”
Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.
déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Chuala Iosrael go léir an bhreith a thug an rí, agus thugadar urraim don rí mar gur thuigeadar go raibh eagna Dé ann chun an ceart a riar.
Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá.
Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais, Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,
Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”
Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna, agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint.
Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.
Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta
Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.