Iób 35 - An Bíobla Naofa 1981Oirchill Dé 1 Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt: 2 An dóigh leat gur chóir duit A rá: “Táimse fíréanta i láthair Dé”? 3 Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse? Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?” 4 Tabharfaidh mise freagra ort féin Agus ar do chairde chomh maith. 5 Féach suas chun na spéartha, agus feic; Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn. 6 Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é? Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó? 7 Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air? Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh? 8 Do chomharsa a bhíonn thíos le d'urchóid, Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta. 9 Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí, Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin. 10 Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir, An té a thugann fóirithint san oíche, 11 Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.” 12 Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra, De bharr dhíomas na n‑urchóideach. 13 Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar, Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara. 14 Deir tú: “Ní fheiceann sé mé; Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!” 15 Nó: “Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm, Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.” 16 Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal, Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart