Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 5:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Béaruid mo mhuinntirse síos íad ó Lebanon go nuige an bhfairge: agus cuirfe mé ar siubhal íad ar fairge a mbáduibh go nuige a náit a nóirdeocha tú dhamh, agus do bhéara mé fa deara a bhfágbháil ann sin, agus glacfa tusa íad: agus coimhlíonfa tú mo thoil, a mbíadh do thabhairt dom mhuinntir.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 5:9
14 Tagairtí Cros  

déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.


Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta.


Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte.


Rinneadar freisin an eorna agus an easair a sholáthar don eachra agus do na capaill iompair san áit inar ghá sin, gach duine díobh ar a sheal.


Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh.


D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.


Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad.


Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna.


Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.


Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine, Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.


Arsa mise liom féin ansin: “Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.”


Bhí trádáil ag Iúdá agus ag tír Iosrael leat fosta; dhíolaidís ar do mhargadh cruithneacht Mhinnít, [céir], mil, ola agus balsam.


Ag an am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus na Síodóine, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, d'iarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin.


Lig anonn mé le do thoil chun an fearann fónta thar Iordáin a fheiceáil, fearann fónta an ardáin agus na Liobáine.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí