Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 32:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht, Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ní bhíd na daóine móra a gcomhnuidhe críonna: ní mo thuigid na seanóirigh breitheamhnus.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 32:9
14 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí lena oifigigh: “Nach eol daoibh gur thit prionsa agus fear mór le rá in Iosrael inniu?


Ní fhágann sé focal ag na soilbhire, Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí.


Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom! Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”


Dúirt mé: “Labhraíodh na blianta Agus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!”


Staitear [pionna] a mbotha Agus faigheann siad bás d'uireasa eagna.”


Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí; óir comhlíonaim do phroiceapta.


Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta; is gráin liom gach drochshlí.


Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó,


Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.” Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.


San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.


Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí