Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.
Iób 3:14 - An Bíobla Naofa 1981 Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne, A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A bhfochair ríogh agus chomhairleach na talmhan, do rinne áite uáigneacha dhóibh féin; |
Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.
Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.
Chuir sé faoi i gcathracha scriosta Agus lonnaigh i dtithe tréigthe, A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.
Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.
Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol; an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?
Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.
‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann, ag gearradh amach tuama ar an ard, ag snoí seomra duit féin sa charraig?’
Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.
Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.
ansin teilgfidh mé síos thú leis an dream a théann síos go Seól, mar a bhfuil muintir an tseansaoil, agus suífidh mé thú thíos in íochtar an domhain in uaigneas síoraí leis an dream a théann síos go Seól, ionas nach mbeidh áit agat choíche arís i dtír na mbeo.