Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 30:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Oir atá a fhios agam go mbéura tú chum báis mé, gus ann tteach do cinneadh do nuile bhéo.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 30:23
12 Tagairtí Cros  

Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”


Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.


Do lámha a chum agus a cheap mé, Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?


Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa, Agus líon a mhíonna ag brath ortsa, Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó,


Is milis leis fóda an ghleanna; Leanann an saol mór é ina shochraid (Agus gabhann slua gan áireamh roimhe amach).


Is cuma uasal agus íseal ansiúd, Agus tá an daor saor óna mhaistir.


Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.


Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.


Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.


Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.


“Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí