Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 8:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Ní bhfuil duine ar bith agá bhfuil cumhacht air an spioraid chum a spioraide dfostogh; ní mó atá cumhacht aige a ló an bháis: agus ní bhfuil deaghailt aige annsa ccogadh sin; ní mó sháorfas an tolc an drong do bheir íad féin dó.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 8:8
21 Tagairtí Cros  

Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.


Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D'fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí.


Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa, Agus líon a mhíonna ag brath ortsa, Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó,


Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin, Agus a anáil a bhailiú chuige féin,


Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol; an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?


Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir: tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.


Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.


Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.


Cé ar eol dó an dtéann spiorad an duine suas nó an dtéann spiorad an ainmhí síos sa talamh?


ní éireoidh go maith leis an bpeacach ach, ar nos scáile, ní bheidh saol fada aige toisc nach bhfuil eagla Dé air.


Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.


Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.”


brisfear bhur gconradh leis an mBás, agus bhur réiteach le Seól ní sheasfaidh. Nuair a thagann rabharta an aimhlis, brúfaidh sé síos lena thoirt sibh;


Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá: “Ní fheiceann aon duine mé.” Do chríonnacht agus d'eolas, is iad a mhearaigh thú. Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh: “Mise, mé féin amháin!”


Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart.


Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.


Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí