Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 11:43 - An Bíobla Naofa 1981

43 Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Agus do choduil Solumh a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh é a ccathair Dháibhi a athar: agus do bhi Rehoboam a mhac na rígh ann a ait.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 11:43
24 Tagairtí Cros  

Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”


Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví; agus tháinig a mhac Aibíám i gcomharbacht air.


Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear. Tháinig Iahóiseáfát, a mhac, i gcomharbacht air.


Ansin chuaigh Aibíám chun suain lena shinsir, agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcoróin ina áit.


Ansin chuaigh Báiseá chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i dTirzeá, agus tháinig a mhac Éala i gcomharbacht air mar rí.


Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.


Ansin chuaigh Acháb chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air.


Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.


Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Manaise i gcomharbacht air.


Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i ngairdín a pháláis, gairdín Uzá; agus tháinig a mhac Ámón i gcomharbacht air.


Adhlacadh é i dtuama a athar i gairdín Uzá, agus tháinig a mhac Ióisíá i gcomharbacht air.


Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan,


Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne.


Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D'imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.


Ansin chuaigh Uiziá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i reilig na ríthe, mar dúradar: “Is lobhar é.” Tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.


Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa chathair, in Iarúsailéim, cé nár cuireadh é i dtuamaí ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.


Mhair réimeas Sholaimh, in Iarúsailéim, ar Iosrael go léir, daichead bliain.


Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.


Ba ghráin liom go deimhin an saothrú go léir a rinne mé faoi luí na gréine toisc go gcaithfinn a thoradh a fhágáil ag an duine a thiocfadh i mo dhiaidh.


Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”


ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;


ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf;


Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí