Iób 21:5 - An Bíobla Naofa 1981 Tugaigí aird orm, agus cuirfear déistean oraibh, Agus ní bheidh focal asaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuchuidh orumsa, agus bíodh iongnadh oruibh, agus leagaidh bhur lámh air bhur mbéul. |
Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice, Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh.
Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe).
Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa? Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.
Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire, agus go bhfuil aiféala anois ort, buail bos ar do bhéal;
is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:
Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.
Feicfidh na náisiúin iad agus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht. Cuirfidh siad a lámha lena mbéal agus beidh bodhaire ina gcluasa.
Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
Dúradar leis: “Bí i do thost! Cuir do lámh thar do bhéal agus téanam linn, agus bí i d'athair agus i do shagart againn. An fearr duit a bheith i do shagart do theaghlach aon duine amháin, nó a bheith i do shagart do threibh agus d'fhine in Iosrael?”