Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 17:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice, Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Biáid daoine ionnraca critheaglach uimeso, agus corrochuidh an neimhchiontach é féin súas a naghaidh a nfúarchráibhthigh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 17:8
10 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus m'fhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus m'fhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne.


Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu, Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu:


Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.


[Salm le] Dáiví. 1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair; ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;


Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n‑éagráifeach.


Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.


Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin?


Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.


Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí