Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
Iób 21:22 - An Bíobla Naofa 1981 “Cé a d'fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia, Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An múinfidh duine ar bith éolus do Dhía? ó ní se breitheamhnus ar an ndroing bhíos árd. |
Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”
Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige? Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?
Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!
Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.
An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?
Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.
An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?
(Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d'éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)
Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.
Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta?
Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;
Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.