22 Féach! tá Dia á mhóradh lena neart, Cé is teagascóir mar é?
22 Féuch, árduighidh Día lé na neart: cía mhúinios mar é?
“Cé a d'fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia, Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”
Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.
Níl an ceart agat sa mhéid sin, a deirim leat, Óir is mó Dia ná an duine.
Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”
Ní chlaonaim i leataobh ó d'fhoraitheanta; ós tú a mhúin mé.
Déan mo threorú i d'fhírinne, tabhair teagasc dom, óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir. Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae
Óir ní ón aird anoir ná aniar, ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith;
An té a smachtaíonn na náisiúin nach n‑agróidh sé? an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?
Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.
Tá bata na n‑urchóideach briste ag an Tiarna, agus slat ríoga na bhflatha,
Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.
Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.
“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d'ardaigh sé daoine ísle;
Tá sé scríofa sna fáithe: ‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’ An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa.
Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad.