Dúradar le Dia: “Imigh uainn!” Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”
Iób 21:15 - An Bíobla Naofa 1981 Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cred é an Tuilechumhachdach, ás a ndéanamaóisne serbhís dó? agus cred í an tarbha do gheabhamáois, dá nguidhmís chuige? |
Dúradar le Dia: “Imigh uainn!” Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”
An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta?
Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse? Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”
Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach, gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;
Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.
fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”
Níor labhair mé i modh rúin ná áit éigin i gcríoch dhorcha. Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib: Cuardaígí mé san éagruth. Mise, an Tiarna, labhraím ceart agus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.
Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge! Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.
Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith, ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí, agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.
Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?
“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.