Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 22:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 An bhfuil sólás ar bith do Nuile chumhachtach, thusa do bheith ionnruic? nó an tarbha dhó, thusa do dhéanamh do shlightheach iomlán?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 22:3
20 Tagairtí Cros  

Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.


Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”


An féidir d'aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t‑eagnaí tairbhe dó?


An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ort Agus a théann sé chun breithiúnais leat?


Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”


Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air? Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh?


Rinne mé mo shlite a mheas, agus d'fhill mé ar d'fhorálacha.


Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.


Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.


Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.


Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.


Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.


Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.


Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”


Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine.


Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.


Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí