Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 22:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 An féidir d'aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t‑eagnaí tairbhe dó?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 An bhféadann duine bheith tarbhach do Dhía, martá an té atá críonna do fhéadfadh bheith críonna dhó féin?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 22:2
15 Tagairtí Cros  

Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”


Ansin d'fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:


An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta?


Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de? Nó go dtógfá ceann de?


Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia. Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.”


Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.


Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.


Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”


Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách.


agus aitheanta agus dlíthe an Tiarna, a ordaím duit inniu ar mhaithe leat, a choimeád.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí