Dúradar le Dia: “Imigh uainn!” Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”
Iób 21:14 - An Bíobla Naofa 1981 Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn! Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uimesin a deirid re Día, Dealuigh rinn; óir ní bhfuil fonn aguinn a néolus do shlightheach. |
Dúradar le Dia: “Imigh uainn!” Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”
“D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú, “Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,
Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir, An té a thugann fóirithint san oíche,
Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”
Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.” Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”
Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’
“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”
A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m'fhásach do Iosrael, nó i m'fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa: ‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?
Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge! Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.
Beireann an pobal seo ar chách le duán; tarraingíonn siad isteach iad lena líon; cruinníonn siad le chéile iad lena saighean; ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu.
Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”
Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d'iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d'imigh sé ar ais.
Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;
Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é;