Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:37 - An Bíobla Naofa 1981

37 Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d'iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d'imigh sé ar ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Ba ansin a dʼiarr lucht limistéar na nGeraséanach dʼimpí air bheith ag imeacht uathu; mar bhí greim mór ag an eagla orthu; agus dá thairbhe sin chuaigh sé isteach arís sa bhád le filleadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus d’iarr lucht cheanntar na nGeraisíní go léir air imtheacht uatha, óir ghabh eagla an-mhór iad. Agus ag dul isteach san luing dó-san phill sé thar ais.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus diárradar luchd chríche na Ngadarenach uile airsion imtheachd úatha; oír do bhí eagla ro mhór orrtha: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus d’iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha, mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé an bórd na luinge agus tháinig sé thar n-ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Agus an pobal uile i gceantar na nGeiriséanach, dʼiarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, dʼimigh sé ar ais.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:37
16 Tagairtí Cros  

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”


Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d'iarr siad air a gceantar féin a fhágáil.


Agus thosaigh siad ag achainí ar Íosa imeacht óna gceantar.


An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”


Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”


Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”


D'inis an lucht féachana dóibh conas a slánaíodh é siúd ina mbíodh na deamhain.


An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé á iarraidh air é ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá:


Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”


Agus d'imigh siad go dtí baile nárbh é.


Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus d'iarr orthu an chathair a fhágáil.


Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn.


Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: “Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí