Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 1:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Óir bhí fuath acu don eolas, agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Do bhrígh gur fhúathuigheadar éolus, agus nar thoghadar eagla an TIGHEARNA:

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 1:29
12 Tagairtí Cros  

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”


“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht! agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.


Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht,


Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.


Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”


Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.


Óir b'fhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí