Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air, Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.
Iób 19:8 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis. Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do dhruid sé súas mo shlighe nach bhféaduim imtheachd, agus do chuir sé dorchachd am chasánuibh. |
Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air, Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.
Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach, Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall?
Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t‑olc a tháinig. Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit.
Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.
Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.
Dá thairbhe sin is fada an ceart uainn agus ní thagann an fhíréantacht suas linn. Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas, le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim.
Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí atá ag síneadh rompu; sa dorchacht mar a ndíbreofar iad is ann a thitfidh siad. Óir tabharfaidh mise olc orthu i mbliain a bhféachana - an Tiarna a labhraíonn.
Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n‑éalóinn agus chuir sé le meáchan mo shlabhra.
Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha, agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad.