“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
Iób 16:20 - An Bíobla Naofa 1981 Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is tarcuisneach lem cháirdibh mé: acht atáid mo shúile ág dórtadh déur chum Dé. |
“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.
Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.
D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort?
Tá lucht fonóide i mo thimpeall, Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.
Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.