Iób 16:12 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé. Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom. Rinne sé a sprioc díom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhí mé a súaimhneas, acht do bhrís sé ó chéile mé: do ghlac fós ar mhuineal mé, agus do chroith a mbloghuibh mé, agus do chuir súas mar chomhartha dhó féin mé. |
Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.
Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,
[Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin; Bristear fiacla na gcoileán leoin.
Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.
Nuair a rug siad greim ort bhris tú ina lámha, agus réab a nguaillí uile; nuair a lig siad taca leat bhris tú arís agus chuir a leasracha ar crith.
Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”
a chuir a gceann i mbaol ar son m'anamasa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith.