Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 16:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Do thimchiolladar a shaigheadóirigh mé fa gcuáirt, brisidh sé mo dhubháin ó chéile, agus ní choigleann sé; dóirtigh sé mo dhomblas amach air an ttalamh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 16:13
16 Tagairtí Cros  

Thug na saighdeoirí faoi le fíoch, scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air,


Tháinig a fhorsaí i m'aghaidh in éineacht, Thug siad ruathar fúm, Agus chuir léigear ar mo bhoth.


- An té a d'fheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh, An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom. Tá mo leasracha á gcnaí!


Tiocfaidh an crann amach trína dhroim, Agus an rinn trí mháilín a dhomlais. Tá stór uafas i ndán dó.


An bhfuil áireamh ar líon a shluaite, Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?


Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.


Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.


Tá mo shúile tnáite le caoineadh agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á reabadh le brón mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin; óir tá naíonáin agus leanaí cíche ag snoí i gcearnóga na cathrach.


Theann sé a bhogha mar namhaid agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara; rinne sé ár orthu siúd ar lán a shúl iad tráth; lig sé a racht amach mar thine ar bhoth iníon Shíón.


Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm agus d'fhág sé treascartha tréigthe mé.


Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheada isteach i m'áranna.


Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.


Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?


ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.


murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n‑éagráifeach;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí