Iób 15:31 - An Bíobla Naofa 1981 Ná téadh sé i muinín a thoirt; Tá breall air, níl aon tathag ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ná cuireadh an té atá meallta a dhóigh a ndíomhaóineas: óir budh díomhaóineas a luaigheacht. |
Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar, Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara.
Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.
Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin.
An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige; air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.
An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”
Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.
Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht.
Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.
Agus mé ag dul i laige le giorra anála, chuimhnigh mé ar an Tiarna agus tháinig m'achainí chugatsa, chomh fada le do Theampall naofa:
Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé.
Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.