Hóisé 8:7 - An Bíobla Naofa 19817 Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Oír do shíoladar an gháoth, agus beanfúid an gháoth ghuáirdeain: ní bhiáidh connlach aige: ní thiubhra an coinlín min uadha: má bheir, isé an coimhthigheach shluigfios súas í. Féach an chaibidil |
Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”