Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 8:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis? Saor a rinne é; ní dia é. Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Oír is ó Israel do bhí mar an cceadna: do rinne an fear oibre é; uimesin ní Día é: acht brisfighear láogh Shamária a mblodhuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 8:6
22 Tagairtí Cros  

Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t‑ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t‑ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa.


Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n‑ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil.


Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.


Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.


Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.


Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


Croí dúbailte atá acu, ach tá siad ar tí a smachtaithe anois. Brisfidh an Tiarna a n‑altóirí, agus scriosfaidh sé a liagáin.


Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna!


Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.


Brisfear a dealbha uile; dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine; déanfaidh mé smidiríní dá híola uile. Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.


Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?


“Ós de shliocht Dé sinn, más ea, ní ceart dúinn a mheas gur cosúil a nádúr diaga le hór nó le hairgead nó le cloch, le híomhá a ghreanfaí trí ealaín agus trí éirim an duine.


Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo - agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad - mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí