Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: “Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n‑aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.”
Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.
Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.